top of page

Clár Bí Freagrach

Cuireann Cumann Eolaíochta agus Teicneolaíochta Beirilliam (BeST) fáilte romhat chuig a gClár Maoirseachta do Tháirgí Beirilliam, “Bí Freagrach”. Sa láithreán gréasáin seo tugtar réamhrá maidir le gnáthúsáidí beirilliam mar aon le heolas agus treoir chun feabhas a chur ar shábháilteacht oibrithe le linn táirgeadh agus próiseáil ábhar ina bhfuil beirilliam. Déanann BeST ionadaíocht do na príomh-allmhaireoirí beirilliam chuig an Aontas Eorpach. Is féidir leagan mionsonraithe den chlár 'Bí Freagrach' a fháil i mBéarla ar www.berylliumsafety.eu.

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Beryllium Science & Technology Association AISBL

Rue Belliard 205

1040 an Bhruiséil

Teil: +32 (0)2 213 74 20

Ríomhphost: info @ beryllium . eu

What is Beryllium?

CÉARD IS BEIRILLIAM

ANN?

Eilimint a fhaightear go nádúrtha is ea beirilliam a bhaintear as mianraí mar mhiotal beirilliam. Tá leáphointe thar a bheith ard ag miotal beirilliam íon agus tá sé ar an eilimint is éadroime de na heilimintí soladacha uile atá cobhsaí ó thaobh na ceimice de. Tá Beirilliam aon trian níos éadroime ná alúmanam, ach tá sé fós sé oiread níos righne ná righneas na cruach.

Produits_Alliages%2520CuBe_02_edited_edi
What is the most common use

CÉN ÚSÁID IS COITIANTA A BHAINTEAR AS BEIRILLIAM?

Screenshot 2020-05-06 at 10.56.52.png

Baintear an úsáid is mó as beirilliam mar chóimhiotal beirilliam copair (CuBe) ina bhfuil 2% nó níos lú beirilliam. I measc na bhfoirmeacha coitianta de CuBe a phróiseáiltear i ndéantúsaíocht tá cruthanna slaite, barra, feadáin, pláta agus stéille. Úsáidtear cóimhiotail ina bhfuil beirilliam i dtrealamh leictreach agus leictreonach, trealamh leighis, iniúchadh fuinnimh, struchtúir faoin bhfarraige, múnlaí plaisteacha, brúlasca, aerárthaí, aeraspás, cumarsáid, gluaisteáin, agus déantúsaíocht trealaimh throm i gcás go bhfuil iontaofacht agus saolré sheirbhíse fhada ríthábhachtach.

Potential Health Effects
image005.png

ÉIFEACHTAÍ SLÁINTE A D’FHÉADFADH TARLÚ MAR GHEALL AR NOCHTADH DO BHEIRILLIAM

Is féidir riosca sláinte a bheith i gceist le próiseáil ábhar ina bhfuil beirilliam mura gcloítear le cleachtais shábháilte, go háirithe i bpróisis ina gcruthaítear deannach. Má dhéantar beirilliam aeriompartha a ionanálú d'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le galar scamhóg tromchúiseach i ndaoine atá mothálach ina leith agus d’fhéadfadh bás a bheith mar thoradh air sin.

Ullmhaíonn déantúsóirí agus dáileoirí táirgí ina bhfuil beirilliam Bileoga Sonraí Sábháilteachta (SDS), Bileoga Eolais Táirgí (PIS) nó Bileoga Eolais Sábháilteachta (SIS) ina soláthraítear treoir bhreise sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil a chaithfear a léamh agus a thuiscint sula n-oibrítear le hábhair ina bhfuil beirilliam.

BWPM

COSAINT D'OIBRITHE BEIRILLIAM

Screenshot%25202021-02-11%2520at%252017_

Ní mór go mbeadh rialuithe nochta amhail aerú sceite áitiúil ag gabháil le hoibríochtaí lena gcruthaítear deannach nó múch beirilliam aeriompartha. Níl nochtadh oibrithe ag an teorainn nochta ceirde (OEL) infheicthe agus caithfidh sláinteolaí tionsclaíoch nó gairmí cáilithe sláinte agus sábháilteachta ceirde eile samplaí aeir a bhailiú le comparáid a dhéanamh leis an OEL lena mbaineann.

Tá an tSamhail um Chosaint d'Oibrithe Beirilliam (BWPM), atá bunaithe ar ocht n-eilimint atá le húsáid ag an lucht bainistíochta agus ag oibrithe araon ag croílár Chlár 'Bí Freagrach' BeST.

Coinnigh Beirilliam

                           

                    Amach ó na Scamhóga                         Coinnigh Láithreacha Oibre Glan

                           

                           

                    Amach ón gCraiceann                           Amach ó Éadaí

                         

                           

                    Ag an bhFoinse                                      Sa Láthair Oibre

                         

                           

                    Ar Láthair an Ghléasra                           Coinnigh Oibrithe Ullmhaithe

Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.41_edi
Screenshot%202021-02-11%20at%2016.42_edi

Tuigtear nach ionann an tsamhail seo agus cur chuige a oireann do chách agus go bhféadfadh sé go mbeadh an tsamhail seo go hiomlán de dhíth ar úsáideoirí deiridh ina láthair oibre nó nach mbeadh ach cuid de de dhíth orthu. Le rath na samhla seo aithnítear gur féidir feidhmíocht eisceachtúil sábháilteachta beirilliam a bhaint amach trí mheascán d’úinéireacht bainisteora oibrithe um shábháilteacht, d'úsáid smachtaithe na samhla um chosaint d'oibrithe beirilliam agus de rannpháirtíocht ghníomhach oibrithe.

Controlling Workplace Exposures

NOCHTADH SA LÁTHAIR OIBRE

A RIALÚ

Screenshot%202021-02-11%20at%2017.26_edi

Soláthraíonn an BWPM treoir agus eolas úsáideach do bhainisteoirí oibrithe saoráidí ina bhfuil oibrithe a láimhseálann ábhair ina bhfuil beirilliam ar bhealaí ina gcruthaítear cáithníní aeriompartha. Spreagtar leis an tsamhail úsáid a bhaint as rialuithe innealtóireachta agus cleachtais oibre, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta, chun nochtadh féideartha oibrithe a rialú. Tá gá le rialuithe um nochtadh chun astaíochtaí agus scaipeadh deannaigh a theorannú chun láithreacha oibre beirilliam a choinneáil glan agus cáithníní beirilliam a choinneáil amach ó na scamhóga, ón gcraiceann, agus ó éadaí, sa phróiseas oibre, sa láthair oibre agus ar láithreán an ghléasra agus ní mor iad a mheas agus a chur chun feidhme de réir mar is cuí. Ní mór oiliúint a chur ar oibrithe maidir le modhanna oibre sábháilte.

Is iad na príomhbhealaí chun nochtadh a laghdú ná rialuithe innealtóireachta agus cuma ghlan a choinneáil ar an láthair oibre. Is minic gur modhanna éifeachtacha iad aonrú an phróisis aeraithe sceite áitiúil agus próiseáil fhliuch chun cruthú cáithníní aeriompartha a rialú. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le trealamh cosanta pearsanta (TCP) amhail análaitheoirí, lámhainní, éadaí cosanta agus clúdaigh bróg.

Ag www.berylliumsafety.eu, soláthraíonn BeST  Uirlis um Fhoinsí Nochta trína dtréithrítear an acmhainneacht riosca de réir an chineáil oibríochta agus soláthraíonn sé treoir maidir le hábhair imní oibríochta faoi leith. Áirítear leis an uirlis áiseanna oiliúna oibrithe chomh maith.

Medical Surveillance of Workers
OSHA%20Healthy%20Workplaces%20logo_edite

FAIREACHAS LEIGHIS AR OIBRITHE

Ba cheart d’fhostóirí cloí leis na ceanglais arna mbunú ag na ballstáit faoi seach maidir le faireachas sláinte ceirde. Molann BeST d’oibrí ar bith, áfach, a léiríonn comharthaí nó siomptóim gur nochtadh é nó í do bheirilliam dul faoi scrúdú dochtúra ag a bhfuil saineolais ar ghalair ainsealacha scamhóg. D’fhéadfadh sé go mbeadh giorra anála, casacht gan mhíniú, tuirse, cailleadh meáchain,  fiabhras agus allas oíche i measc na siomptóm sin. Tá lárionaid ainmnithe ag tíortha Eorpacha maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair, arb iad sin na húdaráis náisiúnta inniúla de ghnáth. Tá liosta de na Lárionaid Náisiúnta ar fáil ar ár suíomh Béarla.

Uses, Benefits and Critical Applications

ÚSÁIDÍ, TAIRBHÍ AGUS FEIDHMEANNA CRITICIÚLA BEIRILLIAM

strip after pressed-1.jpg

Mar gheall ar a mheascán dosháraithe airíonna, tá beirilliam agus ábhair ina bhfuil beirilliam ina n-ábhair thábhachtacha anois do réimse leathan feidhmeanna tráchtála agus rialtais. Soláthraíonn na hábhair sin buntáistí gan sárú don tsochaí agus é mar rogha ábhair i bhfeidhm chriticiúil i gcás nach nglacfar le teip. Is Amhábhar Criticiúil (CRM) é Beirilliam don Aontas Eorpach agus tá sé curtha ar liosta CRM AE ó foilsíodh é den chéad uair in 2011.

bottom of page